Ciseal seactrach an chraicinn ar phlanda nó ainmhí. I bplandaí is cuid mhaith inveirteabrach, bíonn tiús cille amháin san eipideirm. I veirteabraigh, tiús roinnt mhaith ceall a bhíonn inti, agus i veirteabraigh talún bíonn sí cumtha as cealla marbha cruaite.