Emma Little-Pengelly
Is abhcóide agus polaiteoir de chuid an DUP í Emma Little-Pengelly (a rugadh Emma Little ar an 31 Nollaig 1979).[1] Sa mbliain 2024, toghadh Little-Pengelly mar LeasChéad-Aire ar Thionól Stormont.[2]
Saol
cuir in eagarSceimhlitheoir agus ball den "Ulster Resistance" ba ea a hathair, Noel Little. Bhí sé ag smuigléireacht airm sna sna 1980idí agus cuireadh i bpríosún sa Fhrainc é.[3]
Rinne Little-Pengelly staidéar ar an dlí ar Ollscoil na Banríona agus glacadh léi mar abhcóide in 2003.
Chaith sí na blianta mar chomhairleoir polaitiúil speisialta an Chéad-Aire, Ian Paisley agus Peter Robinson agus Arlene Foster.
2010idí
cuir in eagarChomhthogh an DUP í in 2015 nuair a d’éirigh Jimmy Spratt as de bharr drochshláinte.I gcruthúnas ar ardmheas an cheannaire uirthi, ní raibh ach mí caite aici mar Theachta nuair a hainmníodh í mar Aire Sóisir in Oifig an Chéad agus an Leas-Chéad Aire i Stormont.[4] Tharraing 'cás Pengelly' aird agus conspóid ag an am mar gur cuireadh chun tosaigh í ar bhaill den DUP a chuaigh os comhair vótóirí cheana, gan trácht ar a hardú céime ar luas lasrach. (D’fhág comhairleoir cathrach, Ruth Patterson, an DUP mar agóid agus bhagair go seasfadh sí in éadan Pengelly i dtoghchán an Tionóil).
Choinnigh sí an suíochán i dtoghchán an Tionóil in 2016 agus bhí sí ina cathaoirleach an choiste airgeadais. Chaill sí an suíochán in 2017.
Cúpla mí ina dhiaidh sin, in olltoghchán tobann Theresa May, toghadh Little Pengelly ina feisire Parlaiminte Westminister. Ghnóthaigh sí Béal Feirste Theas ón SDLP, bua ollmhór don DUP. Thóg sí an suíochán ó Alasdair McDonnell a bhí ina fheisire don cheantar ó fuair sé an ceann is fearr ar an UUP in 2005. Bhí farasbarr 2,000 vóta ag Pengelly (13,299) ar McDonnell (11,303).[5] Chinntigh bua Pengelly go raibh feisire Breatimeachta i dtoghcheantar inar vótáil 70% de na vótóirí in aghaidh imeacht as an Aontas Eorpach (agus bhí lucht frithBhreatimeachta ag cur i leith an DUP go ndearna siad faillí iomlán ar thoil an phobail ag an am).[6]
Ar 6 Márta 2019 i dTeach na dTeachtaí, mhaígh Lyttle Pengelly gur sceimhlitheoireacht ba chúis le 90% de na maruithe agus na gortuithe ar fad a tharla le linn na dTrioblóidí. “Coir a bhí i ngach aon cheann acu sin,” arsa Lyttle Pengelly.[7]
Chaill Little-Pengelly an suíochán Bhéal Feirste Theas san olltoghchán in 2019 agus d’fhill ar oifig an chéad-aire in Stormont mar chomhairleoir ag Arlene Foster.
2020idí
cuir in eagarIn 2021, d’éirigh Little-Pengelly as a post sa DUP nuair a toghadh Edwin Poots mar cheannaire ar an DUP agus dúirt go raibh sí ag filleadh ar a gairm mar abhcóide. Le linn 2021-2022, bhí sí ar na meáin go minic mar thráchtaire ar ghnóthaí polaitiúla agus fiú le linn an chomhairimh tar éis thoghchán an Tionóil in 2022. Ní bhfuair éinne leide go bhfillfeadh sí ar Stormont mar ionadaí taobh istigh de sheachtain.
I dtoghchán an Tionóil ar an 5 Bealtaine 2022, bhí Jeffrey Donaldson, ceannaire an DUP, ar cheann an chomhairimh i nGleann an Lagáin. Ansin d’fhógair Donaldson go bhfanfadh sé ina fheisire Parlaiminte Westminister mar chuid dá fheachtas in éadan an phrótacail iarBhreatimeachta agus d’ainmnigh sé Little Pengelly mar theachta Tionóil ina ionad. Bhí an beart dleathach ach baineadh siar as daoine gur tharla sé chomh luath sin tar éis lá na vótála; an chéad uair a ndearnadh é mar gur roghnaigh an té a toghadh gan freastal ar Stormont. Comhthoghtar ionadaithe chun fothoghcháin a sheachaint. Ba é seo an dara huair a comhthoghadh Emma Little Pengelly mar theachta.[8]
Ar 3 Feabhra 2024, d'ainmnigh Little-Pengelly. mar LeasChéad-Aire sa bhFeidhmeannas.[9]
Pearsanta
cuir in eagarTá Little-Pengelly pósta le Richard Pengelly, CB, Rúnaí Buan sa Roinn Dlí.[10]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Who is Emma-Little Pengelly, NI's new deputy first minister?" (en-GB) (2024-02-03). Dáta rochtana: 2024-02-03.
- ↑ "Lá stairiúil ar Chnoc an Anfa agus Michelle O’Neill tofa ina Céad-Aire" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-02-03). Dáta rochtana: 2024-02-03.
- ↑ "Terrorist father of DUP's newest MLA Emma Pengelly works as steward at St Anne's Cathedral" (en-GB). BelfastTelegraph.co.uk (2015-10-08). Dáta rochtana: 2024-02-03.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (8 Nollaig 2015). "Teachtaí neamhthofa an Tionóil agus ceist na cothromaíochta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-03.
- ↑ parliament.uk/ (2017). "Election 2017". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (24 Samhain 2019). "Géarchoimhlint idir lucht frithBhreatimeachta agus an DUP" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-03.
- ↑ "Ní ‘coir’ a bhí in aon mharú a rinne saighdiúirí na Breataine le linn na dTrioblóidí ach ‘comhlíonadh dualgas le dínit’ – Karen Bradley" (ga-IE). Tuairisc.ie (2019-03-06). Dáta rochtana: 2024-02-03.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (18 Bealtaine 2022). "Caithfear a chinntiú gur ar mhaithe leis an bpobal seachas na páirtithe an comhthoghadh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-03.
- ↑ "An Taoiseach dóchasach go seasfaidh Comhthionól Stormont" (as ga) (2024-02-03).
- ↑ "Cuireann cúigear lámh ina mbás féin gach seachtain sa Tuaisceart…" (ga-IE). Tuairisc.ie (2019-09-15). Dáta rochtana: 2024-02-03.