Sraith suirbhéanna at thuairimí an phobail is ea Eorabharaiméadar a dhéantar go rialta thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh agus Institiúidí eile an AE ó 1973. Pléann na suirbhéanna seo réimse leathan saincheisteanna tráthúla a bhaineann leis an Aontas Eorpach ar fud na mballstát.


Foilsíonn Ard-Stiúrthóireacht Cumarsáide an Choimisiúin Eorpaigh torthaí Eorabharaiméadair. Tá a bhunachar sonraí ó 1973 ar cheann de na cinn is mó ar domhan.


Réamhtheachtaí Eorabharaiméadair cuir in eagar

Sa bhliain 1970 agus 1971, rinne an Coimisiún Eorpach suirbhéanna ar na sé bhallstát (an tráth sin) den Chomhphobal Eorpach (an Bheilg, an Fhrainc, Iarthar na Gearmáine, an Iodáil, Lucsamburg agus an Ísiltír). Rinne na suirbhéanna sin measúnú ar thuairimí an phobail maidir le tosaíochtaí náisiúnta aonair, chomh maith le feidhmeanna agus eagraíochtaí Eorpacha comhtháite, lena n-áirítear an Comhmhargadh (Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa).

Cuireadh tús le pobalbhreitheanna rialta leathbhliantúla na mballstát - an Danmhairg, Éire agus an Ríocht Aontaithe san áireamh anois - i Meán Fómhair 1973, agus tugadh an t-ainm Eorabharaiméadair (Béarla: Eurobarometer) ar an tsraith suirbhéanna ar dtús i 1974. Rinneadh an obair allamuigh le haghaidh an Eorabharaiméadar 1 idir Aibreán agus Bealtaine na bliana sin, agus foilsíodh na torthaí i mí Iúil.

Tagairtí cuir in eagar