Earnaine mac Fiachna

Rí Ailigh
(Athsheolta ó Ernaine mac Fiachnai)

Rí Ailigh de Chineál Eoghain, clann Uí Néill an Tuaiscirt, ba ea Earnaine mac Fiachna (Sean-Ghaeilge Ernaine mac Fiachnai) (bás 636). Suibne Menn (bás 628), Ardrí Éireann, ba ea a dheartháir.[1] Bhí sé i gcoróin ón mbliain 630 go dtí 636.[2]

Infotaula de personaEarnaine mac Fiachna
Beathaisnéis
Bás636
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairFiachmae
SiblínSuibhne Meann

Cineál Fhearadhaigh ba ea do-chlann Earnaine. Bhíodh géag iomaíochta Chineál Eoghain, darbh ainm Cineál Mhic Earca, i gceannas i ríogacht Ailigh go dtí réimeas Suibhne. Sa bhliain 630, tharla Cath idir na Cineál i gCath Leitheirbe. Bhuaigh Earnaine in éadan Mhaoil Fhithrigh mhic Aodha de Chineál Mhic Earca, a maraíodh.[3] Tháinig Cineál Fhearadhaigh chun cinn ansin, sa chuid eile den 7ú haois. Maraíodh Ernaine sa bhliain 636 ach ní fios cérbh é a mharthóir.[4][5] De réir Sioncronachtaí Laud, mharaigh a ghaoil i gCineál Eoghain, is dócha Cineál Mhic Earca.[6]

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín V
  2. Tugtar réimeas sé bliana dó i Sioncronachtaí Laud.
  3. Annála Uladh, AU 630.1
  4. AU 636.1
  5. Annála Tiarnaigh, AT 638.1
  6. Charles Edwards, Tábla 12.4