An Earagail
sliabh i gContae Dhún na nGall
(Athsheolta ó Errigal)
Is í an Earagail[1] (nó an tEaragal) an sliabh is airde i gContae Dhún na nGall, in Éirinn agus i Sléibhte Dhoire Bheatha. Tá sí suite in iarthuaisceart na condae taobh le sráidbhaile Dhún Lúiche i bparóiste Ghaoth Dobhair.
(ga) An Earagail | ||||
Cineál | Sliabh | |||
---|---|---|---|---|
Logainm.ie | 1166085 | |||
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Dhún na nGall, Éire | |||
| ||||
Sliabhraon | Sléibhte Dhoire Bheatha | |||
Tréithe | ||||
Airde os cionn na farraige | 749 m | |||
Starraiceacht thopagrafach | 688 m | |||
Tá sí 749m (2,457 troigh) ar airde. Thig an t-ainm as "aireagal" ionad urnaí ag manaigh.
Féách an sliabh cáiliúil faoi bhrat trom sneachta.[3]
Stair
cuir in eagarSa bhliain 2023, críochnaíodh obair ar chosán siúil, cosán cloiche trí chiliméadar ar fhad ón charrchlós suas an sliabh. Chosain an togra €630,000. Ach rinne na báistí a tharla i gceantar an Iarthuaiscirt in 2024 damáiste ollmhór do chosán siúil na hEaragaile.[4]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “An Earagail/Errigal Mountain | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ "An Earagail/Errigal Mountain" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2022-08-07.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (22 Samhain 2016). "FÍSEÁN: Na mílte á mealladh ag físeán den Earagail faoi bhrat sneachta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-01-23.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-05-22). "Nuacht an Tuaiscirt: 22 Bealtaine 2024" (as ga-IE).
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |