Fáil Inis
I Miotaseolaíocht na nGael, coileán Lugha Lámhfhada ab ea Fáil Inis. Dochloíte a bhí an cú i mbun cogaidh, rug sé gach ainmhí fiáin ar bhuail sé leis, agus bhí sé ar a chumas uisce reatha a iompú go fíon á fholcadh ann.[1] Ar ceann den dá dhuais déag a d'éiligh Lugh ar an gclann Tuireann (Brían, Iuchar agus Iucharba) mar éiric as marú a athair, Cian.[2] Ba le rí na hIoruadh an cú sula bhfuair mic Tuireann é,[3] agus dúradh mar gheall air "go dtitfeadh gach beithíoch fiáin an domhain […] as a seasamh" agus gur "níos soilsí ná an ghrian ina rotha tintrí."[4][5]
Cineál | ainmhí miotasach |
---|---|
Dáta | |
Creideamh | miotaseolaíocht na nGael |
Eile | |
Cuid de | miotaseolaíocht na nGael, Na Scéalta Miotaseolaíochta agus An Fhiannaíocht |
Úinéir | Lugh |
Fianuithe
cuir in eagarOidheadh Chlainne Tuireann
cuir in eagarFaightear lánainm an chú, Fáil Inis, sa scéal Oidheadh Chlainne Tuireann (Féach Brian, Tuireann), a caomhnaítear ach i lámhscríbhinní den luath 18ú haois amach. Níor cumadh ní an chú nó a ainm sa ré úd. Tá cur síos gearr i Leabhar Gabhála na hÉireann faoi éilimh Lugha, ina insítear go bhfuair sé "Cuilen rīg goband na hiruaidhe" (coileán rí-ghabha na hIoruaí), a bhí "ina chú le hoíche agus ina chaora le lá", agus athraíodh go fíon pé uisce a bhuailfeadh a chraiceann (Sean-Ghaeilge: croccenn).[6] Ní thugtar ainm an chú sa Leabhar Gabhála.
Duan 12ú haois
cuir in eagarFaightear an cú i nduan na Fiannaíochta den 12ú haois, Dám Thrír Táncatair Ille, Dámh/buíon triúir thangadar uile.[7]
"Coileán rí na hIoruaidhe ... a bhí le Lugh na Leann... D'fhásadh leann/meá nó fíon di, dá bhfolcfadh sí i n-uisce foinse."
Tugann triúr fear ón Ioruaidh leo cú draíochta, Salinnis[8] nó Fáil inis,[9]) a athraíonn uisce foinse ar bith a bhuaileann leis ina leann nó fíon. Ba le Lugh na Leann[10] an cú tráth. Maraíonn an cú dunne de na Fianna (Dubhán mac Breasail), agus de bharr, tógadh an madra ón triúr acu (Sela, Dorait, Domnán) mar chúiteamh. Maraíonn na Fianna an cú ansin agus feannadh a sheithe (is dóigh lena chumhachta déanta fíona fós ann), agus imíonn leo ar eachtraí thar lear.
Agallamh na Seanórach
cuir in eagarIn Agallamh na Seanórach,[11] a aithrisíonn Caílte, déantar cur síos ar thriúr ón Ioruaidh[12] a bhuail na Fianna leo, cé go bhfuil ainmneacha éagsúla acu (Dub, Ág, Ilar). Fermac nó Fer Mac is ainm dá gcú draíochta,[13][14] agus ní deirtear gur le Lugh a bhí sé. Cú ioldathach an ea, a belched out dúinn chomh maith le hór agus airgead. Madra mór le lá, chrapadh sé go gaidhrín le hoíche. Chuaigh beirt fhear faire (prionsaí na nUladh) ag spiaireacht faoi choim na hoíche, i sárú rabhadh an triúir, ach mhúscail an gaidhrín gaoth dhraíochta lena eireaball, agus scuabadh na fir chun siúil, a gclaimhte sáite isteach a chéile.
Foinsí
cuir in eagar- Ellis, Peter Berresford (1987). "A Dictionary of Irish Mythology". Oxford University Press.
- Mackillop, James, Dictionary of Celtic Mythology (1998)
- Leabhar Gabhála na hÉireann, R.A.S. Macalister eag. & aistr., Leabhar 4, "Part VII: Invasion of the Tuatha De Danann" ¶319, Dán LXVI.
- Oidheadh Chlainne Tuireann, Eugene O'Curry eag. & aistr., in Atlantis IV, ll. 162-
- "Dám Thrír Táncatair Ille", Damh Thriúr Thángadar i Leith
- O'Curry, 4 stróf, The Atlantis III, Londain 1862, 396–7. (Ní fheictear ainm an chú sa sliocht. Mícheart é "Lismore fol. 194".)
- Leabhar Laighneach, lch. 207b, Stern, L. Chr., eag. & aistr. (Gearamáinis) "Eine ossianische Ballade aus dem XII. Jahrhundert", Festschrift Whitley Stokes zum siebzigsten Geburtstage, 1900, ll. 7–12
- Leabhar Leasa Mhóir, fo. 153 b). Stokes, Zeitschrift für Celtische Philologie, III, lch. 432
- Agallamh na Seanórach
- Stokes, "The Story of the Oakgrove of Conspiracy" (Text: lines 6083–6141), Acallamh na Seanórach, Irische Texte III, ll. 237-
- books.google
- Dooley & Roe, Tales of the Elders of Ireland, ll. 153 (agus fonóta); ll. 171ff
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Ellis 1987, lch. 145.
- ↑ Ellis 1987, lch. 112.
- ↑ Onomasticon Goedelicum, "hirotae"
- ↑ O'Curry, eag. & aistr., Fate of the Children of Tuireann, Atlantis IV, lch. 162/3
- ↑ Lebor Gabhala, Cuid 319, agus an duán den 12ú haois.
- ↑ Macalister ed., ¶319 agus dán poem LXVI. Níor aistrigh Macalister an focal "craiceann" sa chúis próis, ach sa dán, strophe 14, deir sé "whelp… of the royal smith of Iruaith, wine would be every water… which is put upon its skin.")
- ↑ cf., 4 stanzas excerpted in O'Curry, Atlantis IV, 396-7
- ↑ Leabhar Laighneach, Stern, in Festschrift Wh. Stokes
- ↑ Lios Mór, Stokes, ZCP 3, lch. 432
- ↑ leann2 ar teanglann.ie FGB, Lugh na mBrat, truailliú d'ainm máthartha Lugha "mac Ethlenn", mar a chuir Stern le fios, op. cit.
- ↑ Stokes eag. & aistr.; Dooley & Roe aistr.
- ↑ Dooley & Roe, Tales of the Elders of Ireland, lch. 153
- ↑ Stokes tr., Irische texte, lch. 237. Supplementary translation is given here because it is wanting in Standish O'Grady, Silva Gadelica
- ↑ Aistriúchán le Dooley agus Roe, lch. 156