Ludwig Christian Stern

leabharlannaí agus seandálaí Gearmánach

Éigipteolaí, Coptolaí, Ceilteolaí agus leabharlannaí ab ea an Gearmanach Ludwig Stern (12 Lúnasa 1846 in Hildesheim - 9 Deireadh Fómhair 1911 i mBerlin).[1]

Infotaula de personaLudwig Christian Stern
Beathaisnéis
Breith12 Lúnasa 1846
Hildesheim Cuir in eagar ar Wikidata
Bás9 Deireadh Fómhair 1911
65 bliana d'aois
Beirlín Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmleabharlannaí, seandálaí, éigipteolaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghearmáinis

Luathshaol cuir in eagar

Rugadh Ludwig i Hildesheim, b'é Christian Ferdinand Stern, Stiúrthóir póilíneachta a athair, agus Johanne Sophie Stern (née Bartels) a bhí ar a mháthair. Dob é Ludwig an seachtú páiste as deichniúr ar fad. I gcaitheamh a thréimhse sa mheánscoil D'aistrigh an teaghlach amach as Hildesheim go dtí Westerhof sa bhliain 1849, mar a raibh post riaracháin ag an athair, agus idir na blianta 1854 agus 1865, bhí Stern ag freastal ar mheánscoil Andreanum i gcathair Hildesheim. I gcaitheamh a thréimhse ar mheánscoil, nocht sé ann mianach fé leith i dteangacha- ein erstaunliches Sprachtalent, fé mar a chuir a dheartháir, an tOllamh Carl Wilhelm Stern féin é.

Saol acadúil cuir in eagar

Ar dtús, rinne sé staidéar ar an Fhileolaíocht Rómánsach agus Oirthearach i nGöttingen, agus is ann a chuir sé spéis ar leith i dteangacha an Domhain Thoir. In 1866 bhuaigh sé duais nuair a réitigh sé fadhb a bhain le déanamh na n-iolraí san Arabaisagus san Aetóipis. Ó 1869 amach bhí sé ag gabháil don Éigipteolaíocht sa Mhúsaem Éigipteach i mBeirlín. Tuairim 1872 ceapadh é chun a bheith i gceannas Leabharlann Leasríoga Cairo ach in Aibreán 1874 fuair sé post sa Mhúseum Ríoga i mBeirlín agus é de chúram air lámhscríbhinní Oirthearacha a chlárú. Ghnóthaigh sé dochtúireacht de bharr graiméar Coptach a scríobh sé in 1880. D’fhoilsigh sé neart alt in 'Zeitschrift für aegyptische Sprache und Altertumskunde'. Bhí sé ina bhall d’fhoireann eagarthóireachta na hirise sin. Tairgeadh ollúnachtaí Éigipteolaíochta dó in Gottingen agus Leipzig ach b’fhearr leis a bheith ina leabharlannaí sa roinn nua lámhscríbhinní a bunaíodh sa Leabharlann Ríoga i mBeirlín in 1886. Ceapadh é ina Stiúrthóir ar an roinn sin i 1905.

Is sna 1880idí deireanacha a chuir sé spéis sa léann Ceilteach den chéad uair. In Zeitschrift für celtische Philologie VIII, 1912 scríobh Kuno Meyer gurbh í an fhadhb ‘Oisíneach’ a d’adhain an spéis sin agus deir sé freisin gur féachadh air mar shaineolaí ar an litríocht sin tar éis dó cuntas a scríobh ar na laoithe fiannaíochta in Zeitschrift für vergleichende Literaturgeschichte in 1895. Mar leabharlannaí dhíríodh sé aird scoláirí ar na lámhscríbhinní agus na gluaiseanna a rabhthas tagtha orthu le deireanas. Luann Meyer go speisialta an mhacasamhail de ghluaiseanna Wurzburg a chuir sé ar fáil.

Nuair a bunaíodh Zeitschrift für celtische Philologie in 1899, ceapadh é féin agus Kuno Meyer ina gcomheagarthóirí agus b’fhéidir gurbh é an fáth is mó a raibh eolas ar a ainm in Éirinn gur chuir sé an chéad eagrán scolártha de ‘Cúirt an Mheán Oíche’ amach sa seachtú himleabhar den iris sin i 1905. Chabhraigh Dubhghlas de hÍde leis chun teacht ar oiread lámhscríbhinní agus ab fhéidir. Chuir sé aistriúchán sa Ghearmáinis agus foclóir i gcló in éineacht leis an téacs. Thug Meyer an chreidiúint dó gurbh é ba mhó a tharraing aird an domhain ar an dán agus ar an gceangal a bhí aige leis an litríocht mheánaoiseach. Chuir Dáithí Ó hUaithne (David Greene) eagrán amach faoi dheifir i 1968, ar mhaithe le Cumann Merriman agus dúirt san ‘Fhocal i dtaobh an téacsa’: ‘Níorbh fhiú bheith ag dul ar ais ar na sean-eagráin, mar táid an-truaillithe ar fad; bhí sé ina rogha idir Stern agus Fiachra Éilgeach Risteard Ó Foghludha. Bhí a bhua féin ag gach duine acu: ba scoláire mór é Stern agus bhí ceird na heagarthóireachta go hiomlán aige, ach dob fhairsinge go mór an t-eolas ar fhilíocht na Mumhan a bhí ag Fiachra’ (Cúirt an Mheán Oíche. . ., 1968). Is do Stern a thiomnaigh Fiachra Éilgeach a eagránsan i 1912. Ní hionadh go raibh tuairisc a bháis ní hamháin in An Claidheamh Soluis 28 Deireadh Fómhair 1911 ach in Freeman’s Journal. Dúradh i bpáipéar an Chonartha gur mhó a spéis sa Nua-Ghaeilge ná sa teanga i rith a tréimhsí luatha agus dúirt i dtaobh a eagráin de dhán Merriman: ‘The vocabulary shows what a thoroughgoing and methodical editor he was. Not only does it give the Middle Irish form of the word in every case but various modern Irish authorities are quoted, including theGaelic Journal, which shows that the editor must have studied every word that appeared in it for 20 years’. Dúradh freisin gurbh údar é ar Ghaeilge na hAlban agus ar Ghaeilge Mhanann agus gur togha scoláire Breatnaise a bhí ann.

Deireadh a shaoil cuir in eagar

D’éag sé 9 Deireadh Fómhair 1911, in aois a shéú bliain is trí fichid agus creimeadh a choirp in Hamburg, ar an 12 Deireadh Fómhair 1911.

Chomh maith leis an gcuntas a scríobh Kuno Meyer i nGearmáinis air in ZCP, scríobh Joseph Vendryes cuntas i bhFraincis in Revue Celtique XXXII 1912.

Litríocht cuir in eagar

  • Ludwig Stern: Die Varnhagen von Ensesche Sammlung in der Königlichen Bibliothek zu Berlin. Behrend, Berlin 1911.
  • Emil Jacobs (Bibliothekar)|Emil Jacobs: Ludwig Stern †. In: Zentralblatt für Bibliothekswesen. Bd. 29, H. 1, 1912, Digitalisat.
  • Nikolaus Gatter: „Sie ist vor allen die meine“. Die Sammlung Varnhagen bis zu ihrer Katalogisierung. In: Nikolaus Gatter (Hrsg.): Wenn die Geschichte um eine Ecke geht (= Almanach Varnhagen-Gesellschaft Hagen-Berlin e.V. Bd. 1). Berlin-Verlag Spitz, Berlin 2000, ISBN 3-8305-0025-4, S. 239–271.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar