Ceann de na fáinní comhlárnacha a fheictear nuair a ghearrtar trasna gas nó fréamh planda adhmadaigh. Foirmíonn dhá bhanda soitheach xiléime gach fáinne. Táirgtear an chéad bhanda le soithigh de thrastomhas mór go luath sa bhliain as adhmad geal earraigh. Déantar na soithigh níos lú níos déanaí sa bhliain as adhmad samhraidh atá níos dorcha. De ghnáth, fás bliana a bhíonn i bhfáinne débhanda amháin, agus is féidir feidhm a bhaint as sin chun aois an chrainn a dhéanamh amach. Má bhíonn níos mó ná tréimhse fáis amháin sa bhliain, bíonn níos mó ná fáinne in aghaidh na bliana ann. Tugtar fáinní bréagacha bliantúla orthu sin.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fáinne bliantúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 252.