Na fuileadáin a thaoscann struchtúir an chinn is na scornaí. Tógann an fhéith chuingealach inmheánach an fhuil ón inchinn, an aghaidh is an chuid is mó den scornach, na struchtúir dhoimhne go háirithe. Tosaíonn sí ag an oscailt ag bun na hinchinne (an bhréifin chuingealach) agus ag a deireadh nascann leis an bhféith fhothchlabhach (a thaoscann an fhuil ón ngéag uachtarach) chun an fhéith bhracafalach a dhéanamh. Tógann an fhéith chuingealach sheachtrach an fhuil ó scairt an chinn is codanna dromchlacha na scornaí. Faightear na féitheacha cuingealacha tosaigh gar don mheánlíne ag tosach na scornaí, agus taoscann siad isteach sa bhféith chuingealach sheachtrach.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Féitheacha cuingealacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 262.