Fíachu Finnolach
I Miotaseolaíocht na nGael, Ard Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Fiacha Fionnfholaidh (Sean-Ghaeilge Fíachu Finnolach,[1] mac Feradach Finnfechtnach.
Ardrí na hÉireann | |
---|---|
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí |
Teaghlach | |
Páiste | Túathal Techtmar |
Athair | Feradach Finnfechtnach |
Tháinig sé i réim tar éis dó an t-iar-ard-rí, Fíatach Finn, a mharú. Bhí sé i réim ar feadh cúig déag, seacht déag nó seacht mbliana is fiche ag brath ar fhoinse. Maraíodh é, i dteannta le saorfhir na hÉireann, i n-éirí amach na n-aitheach[2] tuatha. De réir an Leabhar Gabhála agus na gCeithre Máistrí, bhí Elim mac Conrach i gceannas ar an éirí amach; de réir Seathrúin Chéitinne, ba é Cairbre Cinnchait. D'éalaigh a bhean chéile Eithne, iníon rí na hAlban, agus í torrach ar ais go hAlbain. Thug sí mac Fhiacha, Túathal Techtmar, ar an saol ann. D'fhillfeadh sé i ndeireadh na dála ar ais go hÉirinn chun an choróin a éileamh.
Achar ama
cuir in eagar- Leabhar Gabhála na hÉireann: Impire na Róimhe Nerva (AD 96–98).[3]
- Foras Feasa ar Éirinn: AD 28–55.[4]
- Annála na gCeithre Máistrí: AD 39–56.[5]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Tá aithne air mar Fíachu Findoilches chomh maith, ainm Ard-Rí níos luaite.
- ↑ aitheach ar teanglann.ie FGB
- ↑ R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, lch. 307
- ↑ Foras Feasa ar Éirinn 1.38
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí M39 - 56
Réamhtheachtaí Fíatach Finn |
Ard Rí na hÉireann LGÉ 1d aois AD FFE AD 28–55 ACM AD 39–56 |
Comharba LGÉ/ACM Elim mac Conrach FFE Cairbre Cinnchait |