Ainm coitianta ar roinnt plandaí ilbhliantúla a fhásann 30 cm ar airde, dúchasach d'iarthar na hEorpa is tuaisceart na hAfraice is ea fíogadáncamán meall (Béarla: chamomilecamomile). Na duilleoga leathfhada in imlíne, ach roinnte i dteascáin chaola mhínbhioracha. Na bláthchinn suas le 2.5 cm ar leithead, aonarach. Na bláthóga seachtracha gathacha spréite bán, na bláthóga inmheánacha teascacha buí. Úsáidtear go forleathan é chun tae fíogadáin a dhéanamh, agus mar bhreiseán coitianta i bhfoltfolcthaí, gallúnacha is a leithéid. Bhíodh plásóga fíogadáin an-choitianta uair dá raibh, a d'astaíodh boladh cumhra nuair a shiúladh duine ar an bhfíogadán.[1]

Camán meall

Ní grúpa tacsanomaíochta iad; úsáidtear an focal fíogadáncamán meall ar phlandaí i ngéineas éagsúla san fhine Asteraceae:

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fíogadán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 269.