Tonn mheicniúil a fhorleathann mar chuilithín trí sholad, ag díláithriú na n-adamh go móimintiúil. Is é candam chreathadh na laitíse an fónón, a léiríonn airíonna cosúil le hairíonna cáithníní (mar shampla, an cumas cáithníní eile a scaipeadh, rud a bhraitear le díraonadh neodrón). Meastar go gcuimsíonn gráinne salainn ag teocht an tseomra timpeall 1018 fónón.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fónón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 280.