Fórsa leictreaghluaisneach

An obair is gá a dhéanamh i bhfoinse leictreachais chun luchtanna a scaradh ó chéile le difríocht poitéinsil a chruthú, agus atá in ann sruth a thiomáint timpeall ciorcaid, a ghiorraítear go dtí flg (emf). Le fírinne, is ainm mí-oiriúnach é ‘fórsa’ anseo. Is airí de chuid na foinse an flg, ach braitheann an difríocht poitéinsil ar an bhfoinse agus an sruth a ritheann. Aistríonn foinse flg fuinneamh don chiorcad tríd an obair a dhéanann sí chun an poitéinseal a ardú. Mar shampla, is foinse flg bataire, ina ngluaiseann fuinneamh ceimiceach luchtanna do na teirminéil chun teirminéal amháin a dhéanamh dearfach is an ceann eile diúltach. Is é an flg an obair a dhéantar ar na luchtanna chun an scaradh seo a bhaint amach. Ciallaíonn flg 1 V (volta) go n-ídíonn an bataire 1 J (giúl) fuinnimh chun 1 C (cúlóm) luchta a scaradh.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fórsa leictreaghluaisneach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 282.