Poitéinseal
Is éard is poitéinseal[1] ann ná cainníocht scálach a bhaineann le réimse a chuireann fórsa i ngníomh, a bhfuil ráta athraithe an fhórsa le fad díreach i gcomhréir leis an bhfórsa féin. Úsáidtear an tsiombail V dó. I réimse imtharraingteach, is ionann é agus fuinneamh poitéinsiúil reada de mhais 1 kg. I réimse leictreach, is ionann é agus fuinneamh poitéinsiúil lucht 1 C .[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): poitéinseal” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-05-04.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Poitéinseal". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 529.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |