Stíl nua-aoiseach péintéireachta, a dtugtar for-réalachas is hipiréalachas air freisin. Déantar na pictiúir, an-mhór go minic, a phéinteáil go deismíneach i stíl an fhíornádúrachais, cosúil le grianghraf daite atá fócasaithe go soiléir. An-choitianta sna Stáit Aontaithe ó timpeall 1960.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fótairéalachas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 285.