Fachtóirí frithvitimín
Comhdhúile a fhaightear go nádúrtha i mbianna a laghdaíonn infhaighteacht vitimín ar leith nó a mhodhnaíonn gnáthfheidhmiú an vitimín. Mar shampla, tá próitéin ar leith i láthair i ngealacán na huibhe aimhe, aividin, a nascann leis an B-vitimín bitin, ionas go laghdaítear ionsú na bitine sa cholainn. Milltear cuid mhaith de na fachtóirí seo sa chócaireacht.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fachtóirí frithvitimín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 251.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |