Fachtóir Rhesus
Sraith antaiginí éagsúla a bhfuil gaol gairid eatarthu, i láthair de ghnáth i gcillscannáin na n-eiritricítí (cealla dearga fola) daonna. Is orthu a bhunaítear córas Rh (Rhesus) na ngrúpaí fola. Daoine a bhfuil an fachtóir acu, rangaítear mar Rh+ iad, agus iad sin gan é, is Rh- iad. Má bhíonn bean Rh- ag iompar a céad pháiste Rh+, féadfaidh sí antashubstaintí frith-Rh+ a tháirgeadh sa tréimhse díreach tar éis na breithe. I dtoircheas níos déanaí, féadfaidh na hantashubstaintí seo dul trasna na placainte, agus más Rh+ an féatas, féadfaidh siad tús a chur le haemalú (scrios na gcealla dearga fola) is galar (marfach) haemalaíoch sa naíonán nuabheirthe. Is féidir an priacal seo a laghdú trí chruthú na n-antashubstaintí máthartha a laghdú le dáileog antashubstaintí frith-Rh+ don mháthair díreach tar éis breith an chéad naíonáin. Bíonn timpeall 85% den phobal geal Rh+, ach bíonn difríochtaí suntasacha sa chóimheas Rh+/Rh- i bpobail éagsúla eile.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |