Gluaiseachtaí neamhrialta preabacha neamhréamhaithriseacha na ngéag — na colainne ina hiomláine, uaireanta — de bharr aimhréidh ionfhabhtuithe streipteacocais: fiabhras réamatach nó fiabhras dearg. Cuireann sí isteach ar chailíní go háirithe. Ainmnithe as an lia Sasanach Thomas Sydenham (1624-1689).[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.