Spás a dhéanann matán cumhdaithe le scannán múcasach taobh thiar den tsrón, an béal is an laraing, ach le bealach eatarthu. Síneann sí ó bhun na blaoisce, leanúnach leis an éasafagas faoina bun. I gcuid na sróine den fharaing atá oscailt an fheadán aireachtála. I gcuid an bhéil di, trasnaíonn conair an díleá is conair na riospráide a chéile, agus le linn slogtha stopann an riospráid ar feadh tamaillín. Sa chuid íochtarach, is iad an dá scoilt ar an dá thaobh den laraing na hionaid ina ngabhtar rudaí géara, cosúil le cnámha móra éisc, nuair a shlogtar iad. Sa chuid uachtarach, bíonn carnadh fíocháin limfigh (na céislíní), a mheastar a bheith ina chosaint i gcoinne ionfhabhtuithe ar eite.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síolanatamaíochta é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.