Favela (leabhar)
Foilsíodh Favela, an chéad leabhar neamhfhicsin ón iriseoir agus scríbhneoir Alex Hijmans sa bhliain 2009, ag Cois Life. 'Bruachbhaile bocht' an chiall atá leis an teideal i bPortaingéilis. Sa leabhar, cuireann Hijmans síos ar shaol an bhruachbhaile bhoicht Tancredo Neves, ar imeall chathair Salvador i oirthuaisceart na Brasaíle, cathair ina bhfuil cónaí ar Hijmans ó 2007. Bronnadh duais aitheantais sa rannóg 'Prós' ar Favela ag Oireachtas 2009. Bhí an leabhar ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin na bliana 2010.
Cineál | leabhar |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | Alex Hijmans |
Foilseachán | 2009 |
Foilsitheoir | Cois Life |
Léirmheasanna
cuir in eagarChuir lucht léirmheastóireachta na meán Gaeilge fáilte mhór roimh Favela. "I measc na ndírbheatháisnéisí is suimiúla dár scríobhadh i nGaeilge riamh," a bhí le rá ag Robert McMillen ar The Irish News. " "Leabhar a choinníonn ag tiontú na leathanach thú," a scríobh Matt Mac Anna ar Nuacht24.