Feachtas um Dhí-Armáil Núicléach

Eagraíocht a bunaíodh sa Bhreatain i 1958 (CND nó an Campaign for Nuclear Disarmament i mBéarla) leis an mbaol don chine daonna ó na hairm núicléacha a bhí á gcarnadh ag na Stáit Aontaithe, an tAontas Sóivéadach, an Bhreatain is an Fhrainc a chur ina luí ar an bpobal, agus an gá práinneach go gcuirfí deireadh leo uile, fiú go haontaobhach chun fuadar a chur faoi.

Bosca Sonraí EagraíochtaFeachtas um Dhí-Armáil Núicléach
Peace symbol (fixed width).svg
CND badge, 1960s.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrCND Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáleagraíocht abhcóideachta
peace organization (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlíprivate company limited by guarantee (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodhSamhain 1957
Rialachas corparáideach
Ceannceathrú

Suíomh gréasáincnduk.org Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: CNDuk Twitter: cnduk Youtube: UC6hoK6O7Ti4TYGu9fD32RMA
Glastonbury Festival 2009 - Poster and banner site.jpg

Bunaíodh grúpaí i dtíortha eile leis na haidhmeanna céanna. Bhíodh na mairseálacha suntasach mór gach bliain go lár na 1960idí.

Léirigh gábh na ndiúracán i gCúba i 1962 go raibh géarghá ann aidhmeanna CND a bhaint amach. Le dul chun cinn (mall) dioplómaitiúil i dtreo na dí-armála (mar shampla, leis an gconradh coiscthe trialacha núicleacha i 1963) laghdaigh an feachtas.

D'athbheoigh sé rud beag sna 1980idí le máirseálacha i gcoinne stáisiún núicléach, ach faoi seo ní eagraíocht chumasach shuntasach í.

Féach freisinCuir in Eagar

An Cogadh Fuar

TagairtíCuir in Eagar