Feadán fallópach
(Athsheolta ó Feadáin útaracha)
Dhá fheadán fhada a théann amach ón gcuid uachtarach den bhroinn go dtí an t-ubhagán. Tá ceann cliathánach tonnadóirchruthach (an t-ionfandaibiliam) ag gach ceann acu, starrtha cosúil le méara ag gobadh amach agus ceann acu ceangailte leis an ubhagán, le réigiún atá leathnaithe amach (an ampaill) is cuid chúngaithe (an chuing). Bailíonn an t-ionfaindibiliam an t-ubhán a fhuasclaítear ón ubhagán agus iompraíonn isteach sa bhroinn é. San ampaill a tharlaíonn an toirchiú de ghnáth.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Feadáin útaracha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 256.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |