Feadóg ghlórach
Feadóg mhór a fhaightear i gCríocha Mheiriceá is ea an fheadóg ghlórach (Charadrius vociferus). Faigheann sí a ainm óna ghlao caol, dhá shiolla, a chloistear go minic. Chuir Carl Von Linné síos air agus thug sé a ainm eolaíoch reatha uirthi sa 10ú eagrán dá Systema Naturae. Déantar cur síos ar thrí fhospeiceas.
Charadrius vociferus | |
---|---|
Taifead | |
Sonraí | |
Réise sciathán | 61 cm |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 22693777 |
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Aves |
Ord | Charadriiformes |
Fine | Charadriidae |
Géineas | Charadrius |
Speiceas | Charadrius vociferus L., 1758 |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Bíonn droim agus sciatháin an éin fhásta donn. Bíonn an bolg ban. Brollach bán a bhfuil dhá bhanda dubh air. Dath flannbhuí ar an tóin. Bíonn an aghaidh donn ach dath bán a bíonn ar an an gclár éadain. Is féidir fáinne flannbhuí-rua a fheiscint timpeall na súilí.
Póraíonn an fospeiceas (a ndearnadh cur síos air ar dtús) ó oirdheisceart Alasca agus ó dheisceart Cheanada go Meicsiceo. Feictear í ar feadh na bliana sa leath theas dá raon póraithe; tá an fospeiceas C. v. ternominatus ina chónaí sna hIndiacha Thiar, agus tá C. v. peruvianus ina chónaí i bPeiriú agus i dtíortha Mheiriceá Theas máguaird ar feadh na bliana. Geimhríonn póraitheoirí Mheiriceá Thuaidh óna raon cónaitheach ó dheas go Meiriceá Láir, na hIndiacha Thiar, agus na codanna is faide ó thuaidh de Mheiriceá Theas.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |