Fearann maighnéadach
In ábhar fearómaighnéadach, réigiún ina bhfuil na móimintí aonaracha adamhacha maighnéadacha ailínithe comhthreomhar le chéile, fiú nuair nach mbíonn aon réimse seachtrach i bhfeidhm air. In ábhar neamh-mhaighnéadaithe, ní bhíonn aon ghaol idir treoshuímh mhaighnéadacha na bhfearann éagsúil. In ábhar maighnéadaithe, bíonn siad uile comhthreomhar le chéile.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fearann maighnéadach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 258.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |