San ealaín is an ailtireacht, teoiric atá bunaithe ar fhealsúnacht ársa na Gréige gur cheart gurb ionann, nó ar a laghad gur gaolmhar, áilleacht is éifeacht fheidhmiúil. Pléadh ó am go chéile é san 18ú-19ú céad, ach tháinig sé sa bhfaisean i ndáiríre sna 1920idí-1930idí, faoi thionchar an Bauhaus go háirithe. Mar shampla, de réir na teoirice seo, chinn feidhmeanna foirgnimh cruth an fhoirgnimh, agus sainmhíníodh teach mar mheaisín le maireachtáil ann.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Feidhmiúlachas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 260.