Fionn Mac Cumhaill (scríbhneoir)
Scríbhneoir Gaeilge ab ea Maghnus nó Mánas Mac Cumhaill, a scríobh a chuid leabhar faoin ainm cleite Fionn Mac Cumhaill (23 Meitheamh 1885 - 7 Lúnasa 1965).[1] Scríobh an Conallach dhá shaothar bheathaisnéiseacha ar shaol agus ar nósanna mhuintir na gceantar Gaeltachta i nDún na nGall sa naoú haois déag. Léiríonn Mac Cumhaill an saol crua anróiteach a bhí ag na daoine, ach iad cneasta, carthanach agus sultmhar i ndiaidh sin is uile. Scríobh sé scata leabhar eile i rith a shaoil.[2]
Ainm sa teanga dhúchais | (ga) Maghnus Mac Cumhaill |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 23 Meitheamh 1885 Leitir Catha, Éire |
Bás | 7 Lúnasa 1965 80 bliana d'aois |
Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, státseirbhíseach, múinteoir |
Teangacha | An Ghaeilge |
Beatha
cuir in eagarTháinig sé chun saoil sa bhliain 1885 i Leitir Catha i gceantar na Rosann i dTír Chonaill, agus táilliúir ab ea a athair. Bhí Mánas óg go leor nuair a cailleadh a mháthair.
Bhuaigh sé scoláireacht agus fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Adhamhnáin i Leitir Cheanainn.
D'fhreastail sé ar Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath níos déanaí agus chuaigh sé ag sclábhaíocht sna Stáit Aontaithe, anuas go dtí 1912 nó 1913..
Chuaigh Mánas óg le múinteoireacht agus bhí sé páirteach i ngluaiseacht na Gaeilge ag an am. Deirtear gur thaistil sé an tír le Ruairí Mac Easmainn ag stocaireacht do Choláiste Uladh. An t-ainm cleite a ghlac sé air, is leasainm é a fuair sé sa Choláiste. Chruthaigh sé thar barr ag lúthchleasaíocht, agus mar sin, bhí a chuid comhscoláirí barúlach nár mhiste ainm an laoich mhóir ón bhFiannaíocht a thabhairt ar Mhánas.
Throid sé i gCogadh na Saoirse mar oifigeach eolais. Bhí sé ina chónaí i Sráid Heytesbury[3] i mBaile Átha Cliath nuair a scríobh sé Tusa, a Mhaicín (1922). Choigistigh agus dhóigh na Dúchrónaigh an lámhscríbhinn agus b’éigean do Mhánas an scéal a scríobh as a chuimhne.
Seirbhíseach de chuid na Chéad Dála a bhí ann. Ach ní bhfuair sé post seasmhach sa tseirbhís go ceann tamaill de dheasca an phoblachtánachais. Bhí sé ag obair sa Roinn Oideachais ar dtús sula bhfuair sé post buan i gCoimisiún na Státseirbhíse. Is ansin a d'fhan sé an chuid eile dá shaol oibre.
Bhí sé pósta ar bhean as Contae Liatroma darbh ainm Bríd Ní Chanainn. Fuair sé bás sa bhliain 1965 agus tá sé curtha i nGlas Naíon.
Saothar
cuir in eagarBa dual do mhuintir Mhánais an seanchas agus an scéalaíocht, agus nuair a thosaigh sé féin ag scríbhneoireacht, bhí sé go leor faoi thionchar na stíle traidisiúnta béal-litríochta a d'fhoghlaim sé óna mhuintir. Ní dhearna Mánas riamh mórán forbartha ón leibhéal sin anuas mar scríbhneoir, agus is dócha nár theastaigh uaidh riamh ach litríocht éadrom a sholáthar do na cainteoirí dúchais, litríocht a bheadh fréamhaithe go daingean in ithir an tseanfhóid.
Téama lárnach ab ea saol a phobail agus a cheantair féin ina chuid scríbhinní. Thairis sin, fear mór creidimh agus crábhaidh a bhí ann, i bhfad níos mó ná na scríbhneoirí Gaeltachta eile féin.
Bhí Mánas óg go leor nuair a cailleadh a mháthair, rud a thug an-drochbhuille dó de réir mar is féidir a aithint ar a chuid leabhar. Is minic a thugann sé cur síos ar bhuachaill beag sa chruachás céanna ina raibh sé féin ina bhrín óg dó, agus é ag dul i muinín an reiligiúin le maolú a fháil ar a mhéala.
San úrscéal beag Is é Dia an Fear is Fearr, d'inis sé scéal buachalla bhig ó Éirinn a chuaigh le buachailleacht bó sna Stáit Aontaithe nuair a d'fhás sé aníos - buachaill beag eile a chaill a mháthair go moch ina shaol. Eachtraí ón Iarthar Fiáin atá i gceist le cuid mhór d'imeachtaí an leabhair bhig seo, ach sa deireadh thiar thall, is í an chráifeacht a fhaigheann an ceann is fearr ar an scríbhneoir agus ar an bpríomhphearsa araon.
De na leabhair a tháinig as peann Fhinn Mhic Cumhaill, is iad Na Rosa go Brách[4] agus Gura Slán le m'Óige (a dírbheathaisnéis)[5] an dá cheann is mó a gcuirfeadh léitheoir ár linne féin suim iontu. Cosúil le go leor scríbhneoireacht Gaeltachta ón tréimhse chéanna, tá siad an-tábhachtach mar chaipéisí sóisialta, agus an cur síos atá iontu ar nósanna an phobail, gan dearmad a dhéanamh den chomhrá nádúrtha i nGaeilge ghlan na laethanta a bhí.
Foinsí
cuir in eagarLe Fionn Mac Cumhaill
cuir in eagar- Na Rosa go Brách, eag. Anraí Mac Giolla Chomhaill. An Gúm, Baile Átha Cliath 1997.
- Gura Slán le m'Óige. Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath 1974.
- Is é Dia an Fear is Fearr. Comhlacht Oideachais na hÉireann, gan dáta.
- Slán leat, a Mhaicín. An Gúm, Baile Átha Cliath 1998.
- An Sean-Fhód. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, Baile Átha Cliath 1969.
- Iascaire na gCiabhfholt Fionn. Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath 1955.
Faoi Fhionn Mac Cumhaill
cuir in eagar- Ó LAOIRE, Liam: Scríbhneoireacht Fhinn Mhic Cumhaill. Leathanaigh 119-132 i: Scríbhneoireacht na gConallach. Eagarthóir: Nollaig Mac Congáil. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1990.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "MAC CUMHAILL, Maghnus (1885–1965)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2022-08-07.
- ↑ Eimear Ní Dhroighneáin mural.maynoothuniversity.ie (2016). "Gnéithe den Imirce Shéasúrach ó Cheantair Ghaeltachta Iarthuaisceart Dhún na nGall ó 1840 – c.1970.". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ 3.0 3.1 "Heytesbury Street" (as en) (2022-05-09). Wikipedia.
- ↑ "Na Rosa go Brách" (ga-IE). Cló Iar-Chonnacht. Dáta rochtana: 2022-08-07.
- ↑ "Gura Slán le M'Óige" (ga-IE). An Ceathrú Póilí. Dáta rochtana: 2022-08-07.