Rianmhianra a bhíonn i láthair go nádúrtha sa chré agus an t-uisce. Fuarthas amach in áiteanna i Meiriceá, nuair a bhí tiúchan nádúrtha na fluairíde san uisce beagán níos mó ná is gnách, gur chuir sé seo go mór le cosaint fiacla i gcoinne a meata trí cháiréas. Uaidh sin, déanann na húdaráis áitiúla in an-chuid áiteanna fluairíd sóidiam a chur leis an soláthar uisce inólta (aon pháirt in aghaidh an mhilliúin) chun an chosaint seo a thabhairt do dhaoine an t-am ar fad. Tá daoine ann nach n-aontaíonn leis seo ar eagla go bhfaighidh daoine ródháileoga a bheadh baolach.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fluairíd". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 277.