Sa Rúraíocht, ba laoch na gConnacht é Fraoch mac Idaith (Sean-Ghaeilge Fráech, Fróech). Ba é Idath a athair agus Bé Find na sidhe a mháthair. Ba nia é dá bharr de Bhóinn, bandia na habhann úd.[1]. Bhí cáil aige de bharr a dhóighiúileachta.[2][3] Is sliocht de chlann na bhFear Domnann é.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarFráech mac Idaith
Cineálduine ficseanúil
carachtar miotasach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharAn Rúraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata

Tochmharc Fhionnabhair cuir in eagar

Mheall sé Fionnabhair, iníon Ailill agus Mhéabha, ach dhiúltaigh sé coibhche as cuimse ard a íoc. Dá bharr, sheol a dtuistí an fear óg ar eachtra in aice baile ollphéist mhara (luaite go minic mar dragan[4]). Mharaigh sé an ollphéist le cabhair ó Fhionnabhair, ach gortaíodh go dona é. D'iompair 150 bansidhe, gléasta i nglas, é leo, agus rug ar ais é an mhaidin dár gcionn, go hiomlán cneasaithe. Seoladh Fráech ansin chun fáinne a fháil ó bholg bradáin.[4]

Táin Bó Fhraoigh cuir in eagar

Príomhalt: Táin Bó Fhraoigh

Nuair a fuadaíodh a chlann agus goideadh a bhólacht, chuaigh Fraoch ar a dtóir go dtí na hAlpa. Fuair sé ar athuair iad le cuidiú ó Chonall Cearnach.[2]

Sa Táin Bó Cuailnge, thoiligh sé troid ar son Mhéabha i gcoinne na nUladh.[2] I rith an chatha, bádh é i mbun chomhrac aonair le Cú Chulainn. Iompaíodh siar a chorp le 150 (trí chaoga) bruinneall na nAos Sídhe, gléasta le héadaí glasa.[5]

Carn Fhraoigh cuir in eagar

 
Slí isteach Uaimh na gCat, Cruachán. Tá an inscríbhinn oghaim ar an taobh istigh den chloich

Caomhnaítear a ainm ag Carn Fhraoigh, in aice le Tuilsce i gContae Ros Comáin, áit a rinneadh ríthe Connacht de chlann Uí Chonchúir. I nUaimh na gCat in aice láimhe, faightear inscríbhinn oghaim as Gaeilge Ársa a deir VRACCI MAQI MEDVVI, (uaimh?) Fhraoigh Mhic Mhéabha.[6][7]

Tagairtí cuir in eagar

  1. http://www.maryjones.us/ctexts/fraech.html
  2. 2.0 2.1 2.2 Táin Bó Fraích. English translation le fáil i Heroic Romances of Ireland vol. II, eag. agus aistr. le A.H. Leahy. Londain: David Nutt, 1906.
  3. leagan Sean-Ghaeilge le fáil ar CELT.
  4. 4.0 4.1 Matson, Gienna: Celtic Mythology A to Z, lch. 56. Chelsea House, 2004. ISBN 978-1-60413-413-1
  5. Táin Bó Cuailnge. Aistriúchán Béarla de Athleagan 1 air CELT.
  6. Titus Oghamica Database
  7. Rathcroghan stone ar Ogham in 3D