Francesc Macià i Llussà
B'é an tUasal Francesc Macià i Llussà (Vilanova i la Geltrú, 21 Deireadh Fómhair, 1859 - Barcelona, 25 Nollaig, 1933) an 122ú Uachtarán na Catalóine agus bhí sé ina oifigeach in Airm na Spáinne roimhe sin.
Saol
cuir in eagarBhain Macià an céim 'leifteanantchoirnéal' amach le linn a ghairmréim mhíleata. Bhí sé i gceannas ar an t-ionsaí a rinne oifigigh an airm ar an iris La Veu de Catalunya sa bhliain 1905, agus b'éigean dó éirí as an arm. B'ionadaí é do Barcelona ó 1914 go 1923.
Bhunaigh Macià an Estat Català, páirtí polaitíochta le haghaidh an neamhspleáchais a bhaint amach.
Rinne Macià iarracht éirí amach a chur ar bun in aghaidh deachtóireachta Miguel Primo de Rivera. Bhí an t-éirí amach seo lárnaithe i Prats de Molló (Roussillon).
Chuir Gendarmerie na Fraince cosc ar an cheannairc. Ach mar thoradh ar an mhéid a thit amach, bhí an-mheas ghnóthaithe do chúis na Catalóine.