Miguel Primo de Rivera
Ba ghinearál, uaslathaí agus deachtóir míleata Spáinneach é Miguel Primo de Rivera y Orbaneja , Marqués de Estella (Jerez de la Frontera, 8 Eanáir, 1870 - Páras, 16 Márta, 1930).
Deachtóireacht
cuir in eagarTháinig sé chun cumhachta sa bhliain 1923. Is faoi chraiceann an tírghrá agus an ainrialachais a tháinig an faisisteachas chun cinn ar dtús. Na feallmharuithe ag an CNT, chuidigh siad go mór leis an réimeas Liobrálach a mhilleadh, tharla, mar a déarfadh Cambó, ó fágadh an tír ar staid antoisceach, nach raibh de leigheas uirthi "ach buille stáit an Ghinearáil Rivera in 1923, agus a dheachtóireachtsan lena chois".[1]
Bhí mana aige, "Country, Religion, Monarchy."
Meath
cuir in eagarLean a dheachtóireacht ar aghaidh go dtí 1930. Duine neamhinniúil agus gan éifeacht, ní raibh aon dul as ach go mbeadh air éirí as.
Chuir na fórsaí go léir ar an Eite Chlé le chéile gur thug siad ar an Rí Alfonso XIII éirí as, agus gur ruaig siad de Rivera. D'imigh sé in Eanáir 1930.
Fiabhras agus diaibéiteas ba thrúig bháis dó i bPáras ar 16 Márta 1930.
Bhí beirt mhac aige, Fernando agus José Antonio Primo de Rivera, faisistithe go smior, a cuireadh chun báis sa bhliain 1936.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Séamus de Barra (Feabhra 2017). "Caibidil 6 de leabhar le Pio Moa Espana contra Espana: Réamhra (aistriúchán Séamas de Barra)" (Feasta 70 (2), 8-12).