José Antonio Primo de Rivera

Faisistí de chuid na Spáinne ab ea José Antonio Primo de Rivera y Sáenz de Heredia, céad Diúc de Primo de Rivera, tríú Marcas d'Estella (24 Aibreán 190320 Samhain 1936). Dlíodóir ab ea é, a bhunaigh gluaiseacht faoi anáil an fhaisisteachais.

José Antonio Primo de Rivera
FOTOGRAFIA DE JOSE ANTONIO PRIMO DE RIVERA.jpg
Ball de na Cúirteanna poblachtacha

Samhain 30, 1933 - Eanáir 7, 1936
Dúiche: Cádiz
Saol
Ainm iomlánJosé Antonio Primo de Rivera y Sáenz de Heredia
Eolas breitheMaidrid, 24 Aibreán 1903
NáisiúntachtAn Spáinn
BásAlacant, 20 Samhain 1936
Áit adhlacthaTomb of José Antonio Primo de Rivera (en) Aistrigh
Pontifical Basilica of the Holy Cross (en) Aistrigh
Alacant
Cúis bháisdúnmharú (tráma balaistíoch)
Muintir
AthairMiguel Primo de Rivera
MáthairCasilda Sáenz de Heredia
Siblíní
Teaghlach
Oideachas
Alma materUniversidad Central
TeangachaAn Spáinnis
Gairm
Gairmpolaiteoir, file, abhcóide agus dlíodóir
Áit oibreMaidrid
Cleamhnú
ReiligiúinEaglais Chaitliceach Rómhánach
Páirtithe polaitíochtaUnión Monárquica Nacional (en) Aistrigh
Falange Española (en) Aistrigh
Firma de José Antonio Primo de Rivera.svg

SaolCuir in Eagar

 
1933

Duine de na huaisle agus an mac ba shine ag An nGinearál Miguel Primo de Rivera (deachtóir na Spáinne ó 1923 go dtí go gairid roimh a bhás i 1930) ba ea é.[1] Rinne an Primo de Rivera Óg staidéar ar an dlí in Ollscoil Complutense Maidrid (mar a thugtar arís air) idir 1917 agus 1923. Ghnóthaigh sé bunchéim agus dochtúireacht.

Rinneadh dlíodóir de sa bhliain 1925. D'éirigh go mór leis agus é ag cleachtadh i Maidrid agus a athair mar dheachtóir ar an tír.

Sa pholaitíocht, tháinig sé chun cinn mar dhuine de na ceannairí ar an eite dheas radacach fhrith-dhaonlathach. Bhí sé tógtha leis an fhaisisteachas san Iodáil (cf Mussoloni), Bhunaigh sé an Falange Española (Falangaithe na Spáinne) sa bhliain 1933 chun an smaointeoireacht sin a chur chun cinn.

Sa bhliain 1936 a chumasc an Falange Española le grúpa eile den chineál céanna, an Juntas de Ofensiva Nacional-Sindicalista, chun an Falange Española de las JONS a chruthú, a bhí ina réamhtheachtaí ar an Falange Española Tradicionalista y de la Juntas de Ofensiva Nacional Sindicalista, an t-aon pháirtí dlíthiúil sa Spáinn faoi réimeas an Ghinearáil Franco ó 1937 go 1975.

BásúCuir in Eagar

Go gairid roimh thús an Chogaidh Shibhialta, gabhadh é agus d'fhan sé ina phríosúnach de chuid na Poblachtánaigh. ciontaíodh é as comhcheilg i gcoinne Phoblacht na Spáinne agus éirí amach míleata. Cuireadh José Antonio Primo de Rivera chun báis trí scuad lámhaigh ar 20 Samhain 1936.

Is cuma cé acu an bhfuil sé fíor in aon chor nó nach bhfuil nár thapaigh An Ginearál Franco an deis le Primo de Rivera a shábháil (mar a bhí a fhios ag madraí an bhaile, níor thaitin Rivera leis ar chor ar bith) is cinnte go bhfuair bású an duine dheireanaigh réidh le pearsa a d'fhéadfadh cur in éadan cheannaireacht Franco ar na fórsaí náisiúnaithe.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Scoil Dlí, COBÁC (2020-11-20). "de Rivera" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-11-20.