Frank Kelly

aisteoir Éireannach

Aisteoir, scríbhneoir agus fuirseoir Éireannach ab ea Proinsias Ó Ceallaigh (nó Frank Kelly mar a thugtar air as Béarla, 28 Nollaig 1938 - 28 Feabhra 2016). Thuil sé clú ar an teilifís agus an raidió ach go háirithe. Bhí ról aige mar 'Father Jack Hackett' sa chlár Father Ted. Bhí an cartúnaí cáiliúil, Charles E. Kelly, ina athair.

Infotaula de personaFrank Kelly
Beathaisnéis
Breith28 Nollaig 1938
An Charraig Dhubh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás28 Feabhra 2016
77 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir scripte, amhránaí, iriseoir, aisteoir scannáin, aisteoir stáitse, aisteoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1968 –
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge
UirlisCeol gutha
Teaghlach
AthairCharles E. Kelly

IMDB: nm0446392 Allocine: 138930 Allmovie: p37514
Spotify: 3BleG2p8bZaC00jAUbsznq Musicbrainz: ecb3a7a8-b316-4edb-85ca-9e88c6990477 Discogs: 1321462 Cuir in eagar ar Wikidata

Slí Beatha cuir in eagar

 
Wanderly Wagon

Teilifís cuir in eagar

Thug a chuid oibre ar 'Halls Pictorial Weekly' sna 1970idí a lán suntas dó, go háirithe lena ról mar Pharnell Mooney, magadh faoi Comhairleoir Chontae amaideach ón tuaithe.

Bhí ról aige ar 'Wanderly Wagon' (ar RTÉ idir 1968 agus 1982) in aice le Eugene Lambert agus Nora O' Mahoney. Scríobh sé cuid mhór de na scéalta.

Go luath sna 1980idí bhí páirt aige sa tsraith theilifíse '"Anois is Aris', ag labhairt ar ghuthán agus de réir a chéile ag cur isteach tuilleadh phrásaí Gaelacha.[1]

Sa bhliain 2001, bhí páirt eile aige mar "Father Pickle" sa tsraith theilifíse Lexx, i sraith a 4, cuid a 6.

Bhí ról an-tábhachtach ar fad aige i 2003 mar cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre sa tsraith theilifíse chonspóideach Sasanach The Deal.

I 2007 bhí sé sa dráma Running Mate. Bhí páirt eile aige sa chlár greann Paddywhackery chomh maith ar TG4.

Bhí sé in aice le Mr Tayto san fheachtas do chriospaí Tayto.

Father Ted cuir in eagar

Is é an rud is suntasaí a rinne sé ná a chuid oibre ar an gclár grinn 'Father Ted' mar an sagart 'Father Jack Hackett', saofóir, meisceoir agus seanfhear, lena cúpla focail 'drink', 'feck' agus 'arse'.

Taifead cuir in eagar

Scaoil sé singil don Nollaig, 'Christmas Countdown', a shroich uimhir a 8 sna cairteacha singil Éireannach i 1982 agus ag 34 sna cairteacha singil neamhspleách Sasanach, agus albam, Comedy Cowntdown, ina raibh sketch ón a chlár raidió The Glen Abbey Show (i rith na 1970idí.

Greann ar an raidió cuir in eagar

Scaoileadh bailiúcháin dá phíosaí grinn ar CD timpeall 2000. Bhí Ayotollah Céillí Band, Magnum Farce, Incoming Call, Festive Spirit, Him of Praise, Call of the Wild, Festive Note agus Siege Mentally, roinnt de na rianta a bhí ar an diosca.

Drámaíocht cuir in eagar

Thug sé camchuairt go forleathan ar na Stáit Aontaithe agus ar Cheanada.

Scannáin cuir in eagar

 

Phríosúnach ba ea é sa scannán, 'Italian Job', 1969 ach gan a bheith luaite sna teidil chreidiúna. Bhí páirt aige sa scannáin 'Taffin' sa bhliain 1982. Bhí páirt eile aige sa scannáin 'Rat' i 2000 agus san gearrscannán Yu Ming Is Ainm Dom.

Dámhactáin cuir in eagar

Bhuaigh Ó Ceallaigh an dámhachtain 'Jacob's' sa bhliain 1974 mar aitheantas ar a chuid oibre ar 'Hall's Pictorial Weekly'.

Bás cuir in eagar

Bhí galar Parkinson air agus bhí aimhréidheanna cairdiacha ag baint leis. Bhuail taom croí é ar 28 Feabhra 2016. Fuair Ó Ceallaigh an ceann is fearr ar ailse phutóige thiar sa bhliain 2011 agus ailse chraicinn sa bhliain 2015.

Tagairtí cuir in eagar

  1. RTÉ Archives (2012-07-05). "RTÉ Archives" (en). stillslibrary.rte.ie. Dáta rochtana: 2019-02-28.