Fuinneoga
téarma ríomhaireachta
Foirm de chomhéadan grafach úsáideora, ina léiríonn an ríomhaire grúpa fo-scáileán ar an scáileán. Freagraíonn gach fo-scáileán do chlár éagsúil ar leith atá ag rith ar an ríomhaire. Is féidir na fo-scáileáin a bhogadh anonn is anall, a chur anuas ar a chéile, a laghdú go neamhbhuan chun baint den mhéid eolais ar an scáileán, agus ligean do na ríomhchláir go léir comhaid a sheachadadh eatarthu. Mar shampla, is féidir na torthaí ó scairbhileog a sheachadadh chuig córas foilsitheoireacht deisce le cur i dtuarascáil theicniúil. Windows a thugann comhlacht Microsoft mar thrádmharc ar a thimpeallacht iltasc oibriúcháin don ríomhaire pearsanta.[1]
Cineál | téarma ríomheolaíochta |
---|---|
Eapainm | fuinneog |
Cuid de | córas fuinneog |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fuinneoga". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 296.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoi bhogearra é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |