Leathnú choincheap na líne dírí don spás cuarach, ag seasamh don líne is giorra idir dhá phointe fhosaithe ar an dromchla cuarach. Is cásanna ar leith ansin an líne dhíreach ar phlána agus ciorcail mhóra ar sféar. I gcoibhneasacht ghinearálta, gluaiseann réada atá ag saorthitim ar feadh geodasaigh i spás-am cuarach.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Geodasach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 313.