Geoffrey Hinton

ríomheolaí Sasanach-Ceanadach

Ríomheolaí agus síceolaí Sasanach is ea Geoffrey Hinton FRS FRSC (a rugadh sa bhliain 1947), ar a dtugtar ceannródaí na hintleachta saorga. D'fhorbair sé algartam forleata shiarghabhálaigh chun líonraí néaracha ilsrathacha a chur i bhfeidhm.[1]

Infotaula de personaGeoffrey Hinton

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith6 Nollaig 1947
76 bliana d'aois
Wimbledon, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Dhún Éideann - intleacht shaorga (–1978)
Ollscoil na Rí - Síceolaíocht thurgnamhach (–1970) Cuir in eagar ar Wikidata
Tráchtas acadúilRelaxation and its role in vision (1977 Cuir in eagar ar Wikidata)
Comhairleoir dochtúireachtaH. Christopher Longuet-Higgins
Áit chónaitheCeanada
Gníomhaíocht
Réimse oibreDomhainfhoghlaim agus meaisínfhoghlaim
Gairmeolaí ríomhaireachta, taighdeoir intleacht shaorga, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Toronto. Roinn na Ríomheolaíochta, Ollscoil Toronto
Google
Ollscoil Carnegie Mellon Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Saothar
Mac léinn dochtúireachtaAndriy Mnih, Richard S. Zemel, Radford M. Neal, Carl Edward Rasmussen, Brendan J. Frey, Yee Whye Teh, Ruslan Salakhutdinov, Ilya Sutskever, David C. Plaut, Christopher K. I. Williams, Volodymyr Mnih, Alberto Paccanaro, Steven Nowlan, Kevin Lang, David H. Ackley, Peter Brown, Mark Derthick, Brian Sallans, Sageev Oore, Radek Grzeszczuk, Sidney S. Fels, James Martens, Nitish Srivastava, Yichuan Tang, George Edward Dahl, Navdeep Jaitly, Tijmen Tieleman, Abdel-rahman Mohamed, Nina Thiessen, Andrew Denis Brown, Evan Whitney Steeg, Andriy Mnih agus Jimmy Lei Ba
Teaghlach
AthairH. E. Hinton

Suíomh gréasáincs.toronto.edu… Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: geoffreyhinton Cuir in eagar ar Wikidata

Rinne Hinton taighde faoi líonraí néaracha domhainfhoghlama sna 1980idí (in éineacht le David Rumelhart and Ronald J. Williams). Bhí tábhacht nach beag leis an taighde sin sna 2020idí i réimse na hintleachta saorga (don chóras ChatGPT, mar shampla).

2013

Gairm cuir in eagar

D'oibrigh Hinton in Google Brain agus Ollscoil Toronto idir 2013-2023. D’éirigh sé as a phost in Google i mí na Bealtaine 2023.[2][1] Dúirt sé go raibh eagla air mar gheall ar an dul chun cinn a bhí ag tarlú san intleacht shaorga. De réir Hinton, tá na líonraí seo beagnach chomh cliste linne anois. Dúirt Hinton go bhfuil sé buartha faoi cad a tharlódh dá gcinnfeadh deachtóirí an intleacht shaorga a úsáid.[3]

Dheimhnigh sé go gcuireann an iomaíocht idir fathaigh teicneolaíochta brú ar chuideachtaí teicneolaíochtaí nua AI a scaoileadh go róthapa, go bhfuil poist á gcur i mbaol agus go bhfuil an baol ann go scaipfear mífhaisnéis.[4]c1c1

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Raidió na Gaeltachta (5/2023). "Tús Áite: Intleacht Shaorga" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-05-07.
  2. i mí an Mhárta 2023, shínigh go leor daoine sa réimse litir oscailte inar mhol siad stop a chur leis an bhforbairt a bhíothas á déanamh ar an intleacht shaorga chun go mbeimis in ann fearais shábháilteachta a chruthú ar dtús. Bhí Hinton ar aon intinn leo, ach ní raibh sé in ann an litir a shíniú mar bhí conradh fostaíochta aige le Google Brain ag an am.
  3. Conradh na Gaeilge Londain (6 Bealtaine 2023). "Geoffrey Hinton / Nuacht mhall". Dáta rochtana: 6 Bealtaine 2023.
  4. Chloe O'Keeffe (2023-05-04). "AI ina ‘rioscaí móra don chine daonna’: an ‘godfather’ de AI" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-05-07.