George A. Romero

Scannánóir Meiriceánach-Cheanadach, scríbhneoir scripte scannáin agus eagarthóir

Scannánóir, scríbhneoir scripte scannáin agus eagartóir Meiriceánach-Cheanadach ab ea George Andrew Romero, a rugadh i gCathair Nua-Eabhrac ar an 4ú lá d'Fheabhra sa bhliain 1940 agus a fuair bás ar an 16ú lá de Mhí Iúil sa bhliain 2017 in Toronto, Ceanada.

Infotaula de personaGeorge A. Romero

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith4 Feabhra 1940
Nua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Iúil 2017
77 bliana d'aois
Torontó, Ontario Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse scamhóg)
Áit adhlacthaToronto Necropolis (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Carnegie Mellon
Monsignor Scanlan High School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibreScannán, stiúradh scannán, scríbhneoireacht scannán agus scannán uafáis
Suíomh oibre Stáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmstiúrthóir scannán, aisteoir scannáin, aisteoir gutha, aisteoir teilifíse, scríbhneoir scripte scannáin, aisteoir, scríbhneoir scripte, eagarthóir scannán, léiritheoir scannáin, stiúrthóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1949 –  16 Iúil 2017
TeangachaBéarla
Teaghlach
PáisteGeorge C. Romero Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0001681 Allocine: 5409 Rottentomatoes: celebrity/771474732 Allmovie: p108784 TCM: 59720 TV.com: people/george-a-romero AFI: 59720
Instagram: georgearomero Musicbrainz: c315df66-f97b-4047-985d-7f84c6da87f0 Find a Grave: 181411973 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba iad na scannáin uafáis a thabhaigh a chlú dó, go háirithe The Night of the Living Dead a chuaigh ar na scannáin sa bhliain 1968. Deirtear gurbh é an scannán áirithe seo a thug isteach an zombaí - an t-éag ina sheasamh, an duine marbh agus é ag dul timpeall - i bpopchultúr na Stát Aontaithe, cé nár chualathas an focal féin ar an scannán.

Chuaigh saothar Romero go mór mór i bhfeidhm ar sheánra na scannán uafáis go léir, agus is minic a thugtar "athair na scannánaíochta uafáis" air. Ceannródaí agus íocón cultúrtha é mar scannánaí uafáis.

Tagairtí cuir in eagar