George Michael

amhránaí Sasanach

B'amhránaí Sasanach é George Michael a rugadh faoin ainm Georgios Kyriacos Panayiotou ar an 25 Meitheamh 1963. Fuair sé bás ar an 25 Nollaig 2016.

Infotaula de personaGeorge Michael

(1988) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(el) Γεώργιος Κυριάκος Παναγιώτου
25 Meitheamh 1963
Finchley Thoir (an Ríocht Aontaithe)
Bás25 Nollaig 2016
53 bliana d'aois
Goring-on-Thames (an Ríocht Aontaithe)
Siocair bháisBás nádúrtha (Cairdimiópaite leata agus fatty liver disease (en) Aistrigh)
Áit adhlacthaReilig Highgate Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteGeorge Michael Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnSpioradálta ach neamhreiligiúnach
Scoil a d'fhreastail sé/síBushey Meads School (en) Aistrigh
Ardscoil Kingsbury Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheKingsbury
Radlett
Goring-on-Thames
Teanga dhúchaisBéarla
LámhcheannasCiotógacht
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí is scríbhneoir, cumadóir amhrán, liriceoir, cumadóir, amhránaí, il-ionstraimí, léiritheoir ceirníní, ealaíontóir taifeadta Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1981 –  2016
Ball de
SeánraPopcheol, ceol damhsa, anamcheol, R&G chomhaimseartha, synth-pop (en) Aistrigh, func, popcheol rince, rac bog, post-disco (en) Aistrigh, adult contemporary music (en) Aistrigh, blue-eyed soul, ceol rithim agus gormacha, popcheol rac agus snagcheol
TeangachaBéarla
Cineál guthaTeanóir agus tenore di grazia

UirlisCeol gutha
Lipéad ceoilEpic
Sony Music
Polydor Records
Columbia Records
Virgin Records
DreamWorks Records
Innervision Records Cuir in eagar ar Wikidata
Ealaíontóirí gaolmharaAndrew Ridgeley (en) Aistrigh: Wham! (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Ainmnithe do
Síniú


Veu de George Michael (Béarla) Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh gréasáingeorgemichael.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0584117 Allocine: 36317 Rottentomatoes: celebrity/george_michael Allmovie: vn6777970 Metacritic: person/george-michael
Facebook: georgemichael Twitter: GeorgeMichael Instagram: georgemofficial Youtube: UCuHROrnQUji4548zGp3TRqQ TikTok: georgemichaelofficial Souncloud: georgemichael Spotify: 19ra5tSw0tWufvUp8GotLo iTunes: 894337 Last fm: George+Michael Musicbrainz: ccb8f30e-4d71-40c4-8b1d-846dafe73e2c Songkick: 86167 Discogs: 32990 Allmusic: mn0000545074 Find a Grave: 174391357 Deezer: 3098 Cuir in eagar ar Wikidata

Luath Saol cuir in eagar

Saolaíodh Michael in Oirthear Finchley, Londain, Sasana. Bhí bialann ag a athair, Kyriacos Panayiotour. Ba Cipireach Ghréagach é a chuaigh ar imirce go Sasana sna 1950idí. D'athraigh sé a ainm go Jack Panos níos déanaí. Ba dhamhsóir Shasanach í a mháthair, Lesley Angold (née Harrison; 1937-1997). Chaith Michael formhór a óige i gKingsbury, Londain, sa teach a cheannaigh a thuistí go luath i ndiaidh gur rugadh é; d'fhreastail sé ar Ardscoil Kingsbury. B'iad Yioda agus Melanie a dheirfiúracha níos sine.

Agus é sna déaga, bhog an teaghlach go Radlett, Hertfordshire. Ansin, d'fhreastail Michael ar Scoil Bushey Meads i mBushey, áit a bhuail sé le Andrew Ridgley, a bheidh mar an páirtí eile i Wham! Bhí na huaillmhian céanna acu, gairm a bhaint amach mar cheoltóirí. Bhí Michael ag buscáil in iarnród faoi thalamh Londain, ag seinnt amhráin ar nós "39" le Queen. Thosaigh sé amach mar DJ, ag seinnt ins sna clubanna agus scoileanna áitiúla timpeall ar Bushey, Stanmore agus Watford. Ansin, chruthaigh sé banna ceoil "ska" dar teideal The Executive le Ridgley, deartháir Ridgley, Paul, Andrew Leaver agus David Mortimer. Níor mhair The Executive i bhfad.

Gairm Ceoil cuir in eagar

1981-1986: Wham! cuir in eagar

Bhunaigh Michael an dísreach Wham! le Andrew Ridgeley i 1981. Shroich an chéad albam a bhí acu, Fantastic, uimhir a haon sa Ríocht Aontaithe i 1983 agus thairg sé liosta de chnagshinglí ar nós "Young Guns", "Wham Rap!" agus "Club Tropicana". Shroich a dara halbam, Make It Big, uimhir a haon sna cairteacha sna Stáit Aontaithe. Bhí singlí ar nós "Wake Me Up Before You Go-Go" (Uimhir a haon sa RA agus sna SA), "Freedom", "Everything She Wants" agus "Careless Whisper" a shroich uimhir a haon i mbeagnach 25 tír, an RA agus na SA san áireamh, agus a bhí mar an chéad singil aonarach a bhí ag Michael, ar an albam.

Chan Michael ar an gcéad taifeadadh Band Aid de "Do They Know It's Christmas?" (a bhí ag uimhir a haon ag an Nollaig i 1984 sa Ríocht Aontaithe) agus thug sé an brabús ar fad a rinne "Last Christmas" don charthanacht. Chan sé fonnadóireacht taca ar cnagshingil David Cassidy, "The Last Kiss" i 1985, chomh maith le cnagshinglí Elton John, "Nikita" agus "Wrap Her Up". Luaigh Michael Cassidy mar mhórthionchar ar a ghairm agus rinne sé agallamh le Cassidy i gcomhair an Nuachtán Ritz.

Ghin turas Wham" chun na Síne i mí Aibreán 1985, an chéad uair a thug ceoltóirí ón Iarthar cuairt ar an tSín, clúdach sna meán ar fud an domhain, agus bhí go leor de dhírithe ar Michael. Sular thug Wham! cuairt ar an tSín, bhí go leor saghas ceol coiscthe sa tír. Bhí baill ó rialtas na Síne sna lucht féachana agus labhair an láithreoir teilifíse Síneach, Kan Lijun, a chuir an seó i láthair, faoi léiriú stairiúil Wham!; "Ní raibh aon rud den saghas sin feicthe ag éinne cheana. Bhí ionadh ar na daoine óige agus bhí gach éinne ag cnagadh a gcosa. Dar ndóigh, ní raibh na póilíní sásta agus bhí eagla orthu go mbeidh círéibeacha ann." Thaifead an stiúrthóir scannáin, Lindsay Anderson, agus an léiritheoir, Martin Lewis, an turas ina scannán Foreign Skies: Wham! in China.

Nuair a bhí rath ar shinglí aonaracha Michael, "Careless Whisper" (1984) agus "A Different Corner" (1986), bhí ráflaí ann go mbeidh Wham! ag briseadh suas. Scair an dísreach go hoifigiúil i 1986, tar éis gur scaoileadar singil deireanach, "The Edge of Heaven" agus bailiúchán singil, The Final. Anuas ar seo, rinneadar ceolchoirm ar díoladh na ticéid ar fad i Staidiam Wembley, áit a thaispeánadh Foreign Skies don chéad uair. Tháinig deireadh le Wham! go hoifigiúil leis an gcnagshingil, "The Edge of Heaven", a shroich uimhir a haon ins an Ríocht Aontaithe i mí an Mheitheamh 1986.

Gairm Aonarach cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar