Geronimo

Taoiseach clúiteach de chuid na nApaiseach ab ea Geronimo (16 Meitheamh, 182917 Feabhra, 1909). Goyaałé ab ainm dó ina theanga dhúchais féin, mar atá, Apaisis Chiricahua, ach is ó na Meicsicigh a fuair sé an leasainm.

CogaidhCuir in Eagar

Ar dtús, bhí cónaí ar Geronimo chois Turkey Creek i Nua-Mheicsiceo an lae inniu. Bhí sé ina lia sí i measc a mhuintire, ach san am céanna, bhíodh sé go minic ag cur cogaidh ar na Meicsicigh. Mharaigh saighdiúirí Meicsiceach a bhean chéile agus a thriúr clainne sa bhliain 1858, agus ón lá sin i leith, bhí fuath na ndaol aige ar na Meicsicigh.

 
27 Márta 1886:

Nuair a shealbhaigh na Stáit Aontaithe na críocha seo sna 1840idí, thosaigh Geronimo ag cur cogaidh ar na "saighdiúirí gorma" freisin. Na héachtaí a d'éirigh leis agus é ag dul sa seans ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar na saighdiúirí Meiriceánacha, thabhaigh siad clú agus cáil dó i measc a chuid namhad féin. Sa deireadh thiar thall, ghéill Geronimo agus an t-ochtar duine déag is fiche a bhí á thionlacan, ghéill siad iad féin d'fhórsaí an Ghinearáil Nelson A. Miles ar an 4 Meán Fómhair 1886 ag Skeleton Canyon in Arizona.

Príosún agus básCuir in Eagar

Ina dhiaidh sin, cimíodh Geronimo, agus chaith sé an chéad chuid dá théarma braighdeanais i bhFlorida. Ocht mbliana ní ba dheireanaí, cuireadh go dtí príosún eile in Oklahoma é. Ina sheanfhear dó, bhí sé ina ábhar adhnua ag féilte agus ag ócáidí poiblí.

 
Márta 1905 i gCarlisle, Pennsylvania (76 bliain d'aois)

Fuair Geronimo bás le niúmóine i bhFort Sill in Oklahoma, áit ar hadhlacadh é. Ní bhfuair sé cead riamh filleadh abhaile go dtí Nua-Mheicsiceo.

TagairtíCuir in Eagar