Giovanni Angelo Becciu

ardeaspag Caitliceach agus taidhleoir

Cairdinéal Iodálach agus feileon ciontaithe is ea Giovanni Angelo Becciu (a rugadh ar an 2 Meitheamh 1948). Ciontaíodh i gcalaois é sa bhliain 2023.[1]

Infotaula de personaGiovanni Angelo Becciu

(2018) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith2 Meitheamh 1948
76 bliana d'aois
Pattada, An Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata
Prefect of the Congregation for the Causes of Saints (en) Aistrigh
1 Meán Fómhair 2018 – 24 Meán Fómhair 2020
← Angelo AmatoMarcello Semeraro →
Cairdinéal
28 Meitheamh 2018 –
Substitute for General Affairs (en) Aistrigh
10 Bealtaine 2011 – 29 Meitheamh 2018
← Fernando FiloniÉdgar Peña Parra →
Nuinteas aspalda chun Cúba
23 Iúil 2009 – 10 Bealtaine 2011
← Luigi BonazziBruno Musarò →
Ard-Easpag Caitliceach
1 Nollaig 2001 –
Ardeaspag teidealach
1 Nollaig 2001 – 28 Meitheamh 2018
← Marcello ZagoChristophe Zakhia El-Kassis (en) Aistrigh →
Nuinteas aspalda chun São Tomé agus Príncipe
15 Samhain 2001 – 23 Iúil 2009
← Aldo CavalliNovatus Rugambwa →
Nuinteas aspalda chun Angóla
15 Deireadh Fómhair 2001 – 23 Iúil 2009
← Aldo CavalliNovatus Rugambwa → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síPontifical Ecclesiastical Academy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmeaspag Caitliceach (2001–), sagart Caitliceach (1972–), diagaire Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Iodáilis, an Fhraincis, Béarla, an Spáinnis agus an Phortaingéilis
CoisreacanAngelo Sodano Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
2021triail Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Bhíodh Becciu tráth ina chomhairleoir ag an Phápa Proinsias. Bhí sé ina bhall den Diacaistir Canónaithe Naomh[2] (Cúirt na Róimhe).

2013

Sa bhliain 2021, cuireadh cúiseanna éagsúla i leith deichniúr - ceannairí airgeadais, dlíodóirí agus iar-oibrithe de chuid na Vatacáine - ina measc calaois, sciúradh airgid agus mí-úsáid cumhachta. Bhain an cás le €350 milliún a caitheadh ar réadmhaoin i gceantar Chelsea i Londain mar chuid de scéim infheistíochta a thosaigh in 2014 ach a chosain na milliúin Euro sa bhreis ar an Vatacáin.

Shéan an deichniúr uilig na cúiseanna. B'é Becciu an t-oifigeach is sinsearaí san Eaglais Chaitliceach a cuireadh ar a thriail i gcúirt de chuid na Vatacáine.

Cuireadh tús leis an triail sa bhliain 2021. Idir 2021-2023 shuigh an chúirt 86 uair le héisteacht leis an bhfianaise.[1]

Ar 16 Nollaig 2023, ghearr Cúirt na Vatacáine cúig bliana go leith príosúin ar Becciu as na milliúin Euro a chúbláil.[3]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2023-12-16). "Cúig bliana príosúin ar chairdinéal sa Vatacáin as cúbláil airgid" (as ga-IE). 
  2. Dicastery or Congregation for the Causes of Saints
  3. "A Cardinal is convicted of embezzlement and sentenced to 5½ years in a major Vatican financial trial" (en). AP News (2023-12-16). Dáta rochtana: 2023-12-17.