Giovanni Schiaparelli

Réalteolaí Iodálach ab ea Giovanni Virgilio Schiaparelli (a rugadh i Savigliano na hIodáile ar 14 Márta 1835 agus a d'éag i Milano ar 4 Iúil 1910). D'fhionn sé an t-astaróideach Hesperia, agus d'ainmnigh sé na hairíonna líneacha doiléire ar dhromchla Mharsa mar "chanálacha".[1]

SaolCuir in Eagar

 
D'ainmnigh sé na hairíonna líneacha doiléire ar dhromchla Mharsa

Bhain Schiaparelli amach dintiúirí an réalteolaí ó ollscoil Torino agus chaith sé seal ag staidéar i Réadlann Bheirlín freisin. Rinne sé an chuid ba mhó de shaothar a shaoil i Réadlann Brera.

 
Na canálacha

Rinne sé breathnóireacht dhian ar Mhars, agus bhaist sé ainmneacha ar chuid mhór de na háiteanna ansin, mar a chonaic sé sa teileascóp iad. B'eisean a chuir na ráflaí faoi chanálacha ar Mhars ag imeacht, nó dúirt sé go raibh sé tar éis gnéithe a shonrú ar dhroim an phláinéid a raibh cosúlacht na gcanali ("grinnill abhann") orthu, mar a chuir sé i bhfocail Iodáilise é.

Is é an chiall a bhain an t-aistritheoir as an méid sin gur "canálacha" a bhí ann agus iad déanta ag neacha intleachtúla eachtardhomhanda.

Spreag an mhíthuiscint seo na mílte de dhaoine ag déanamh a dtuairimíochta féin faoi "mhuintir Mharsa". Fiú lena lá féin, ní bhfuair Schiaparelli aitheantas do na canálacha ach ó chuid de na réalteolaithe, nó bhí a lán eile acu den bharúil nach raibh siad in ann na canali a aithint lena súile féin, agus gur dhócha nach raibh iontu ach iomrall súl de chineál éigin. Seo é an tuiscint a deimhníodh nuair a rinne an spásghléasra nua-aimseartha mapáil cheart ar dhromchla Mharsa.

Creidtear inniu go raibh galar súl ag luí ar Schiaparelli, agus nach raibh sna canálacha ach struchtúir inmheánacha a shúl féin a chonaic sé faoi thionchar an ghalair.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Matt Hussey (2011). "Fréamh an Eolais".