Girolamo Savonarola

bráthair Doiminiceach Iodálach

Bráthair Doiminiceach Iodálach ab ea Girolamo Savonarola (21 Meán Fómhar 1452 – 23 Bealtaine 1498). Bhí sé gníomhach i bhFloráns i rith na hAthbheochana, agus throid sé i gcoinne dí-eaglaisiú cé gur cháin sé éiliú na hEaglaise. Rinne sé cáineadh ar dhíshaóthrú na mbochtán, ar ealaín agus ar chultúr saolta agus ar dheachtóireacht chomh maith. Rinne sé fáidheadóireacht go dtiocfadh tuile mór agus go dtiocfadh Cíoras Mór ar an saol arís. Bhí an chuma ar an scéal go bhfíoródh an fhís seo faoin am gur ionsaigh Séarlas VIII, rí na Fraince, an Iodáil sa bhliain 1494. De réir moltaí Savonarola, fógraíodh Poblacht Nua i bhFloráns agus chuir sé féin feachtas piúratánach chun cinn le cúnamh an aosa óig.

Infotaula de personaGirolamo Savonarola

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith21 Meán Fómhair 1452
Ferrara (Diúcacht Ferrara)
Bás23 Bealtaine 1498
45 bliana d'aois
Flórans (Poblacht Fhlórans)
Siocair bháisPionós an bháis (Bás trí dhó)
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Ferrara Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreFealsúnacht, diagacht, seanmóireacht, polaitíocht agus Reifirméisean
Gairmpolaiteoir, seanmóirí, diagaire, scríbhneoir, fealsamh, duine rialta, leasaitheoir Protastúnach Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Ferrara Cuir in eagar ar Wikidata
GluaiseachtFealsúnacht iartharach
Mac/iníon léinn de chuidPietro da Bergamo
TeangachaAn Iodáilis agus an Laidin
Ord crábhaidhDoiminicigh
Síniú

Musicbrainz: d9fa7a13-87ec-40c0-8495-50e37991a4fc Discogs: 2458661 IMSLP: Category:Savonarola,_Girolamo Cuir in eagar ar Wikidata

Sa bhliain 1495, nuair a shéan Savonarola a chuid tacaíochta a thabhairt do Phápa Alexander VI sa troid i gcoinne na bhFrancach, gaireadh chun na Róimhe air. Shéan sé agus lean sé ar aghaidh ag seanmóireacht in ainneoin orduithe an phápa. Bhíodh sé de nós ag Savonarola a chuid seanmóirí a shailleadh le geáitsíocht, mórshiúlta agus tinte cnámh. Mar dhíoltas as sin, chuir an pápa faoi choinnealbhá é, agus rinne sé (an pápa) bagairt go gcuirfeadh sé Floráns faoi ionsaí. Tháinig athrú i ndearcadh an phobail i leith Savonarola nuair a mhol sagairt eile é (Savonarola) a chur ar a thriail mar dheimhniú ar a Údarás ó Dhia. Cuireadh sa phríosún é in éineacht le beirt deisceabal leis. Nuair a rinneadh céasadh air, d'admhaigh sé gur chum sé a chuid físeanna agus fáidheadóireachta. I lár 1498, crochadh agus dódh an triúr acu sa phríomhchearnóg i bhFloráns.

Lean an Piagnoni, lucht leanúna Savonarola, ag troid ar son an fheachtais a thosaigh sé i ndiaidh a bháis, cé gur bhrúigh an Medici faoi chois iad ar deireadh. Rinne Niccolò Machiavelli tagairtí do shaol Savonarola ina thráchtas cáiliúil, An Prionsa. De réir an scríbhneora Eoghan Ó Tuairisc, bhí tionchar ag beathaisnéis Savonarola ar shaol agus ar smaointeoireacht Thomáis Mhic Dhonnchadha.