Bia bog milis is ea glóthach. Itear mar mhilseog é. Itear fuar é. Itear leis féin é nó le bia eile amhail uachtar reoitebreachtán. Is maith le leanaí agus daoine óga é ach go háirithe, ach déanta na fírinne, is féidir le gach duine é a ithe.

Bosca Sonraí BiaGlóthach
Bunús
Tír dhúchaisan Ríocht Aontaithe
Sonraí
Cineáldessert with spoon (en) Aistrigh
Príomh-chomhábhairGeilitín
Cuach lán le glóthacha éagsúla le dathanna éagsúla.

Déantar an púdar a mheascadh le uisce te chun glóthach a dhéanamh. Doirtear an glóthach te i mhúnla glóthaí chun cruth faoi leith a thabhairt dó. Ligtear dó fuarú ar feadh tamall ionas go táthóidh an leacht le chéile. Bíonn glóthach ar fáil i mblasanna agus dathanna éagsúla. Nuair a mbíonn glóthach ag suí ar mhias leis féin, bíonn sé longadánach agus bíonn tréith athscinmeach aige.

Glóthach meisiciúil cuir in eagar

Is féidir fiúigil glóthaí (.i. deochanna beaga biotáille déanta de ghlóthach a dháiltear i ngloiní beaga) a dhéanamh trí alcól a mheascadh isteach i nglóthach fad is atá sé á ullmhú. Go minic measctar vodca, rumtequila sa ghlóthach. Doirtear an leacht meisciúil seo i shoithigh bheaga agus itear iad ag cóisir nó i dteach tábhairne.

Tagairtí cuir in eagar