Glúcacortacóideach

(Athsheolta ó Glúcacortacóidí)

Is éard is glúcacortacóideach[1] ann ná hormón stéaróideach a shintéisítear sa choirtéis aidréineach i veirteabraigh agus a tháltar amach aisti. Ról tábhachtach acu i meitibileacht carbaihiodráití agus cosaint na colainne i gcoinne struis. Sa duine, cuimsíonn siad cortasól (hidreacortasón), cortacaistéarón, agus cortasón. Baintear úsáid astu i dteiripí athsholáthar hormón (mar shampla, i gcás galar Addison, ina dtarlaíonn uireasa glúcacortacóideach) agus chun cosc a chur ar neamhoird athlasta is ailléirgeacha.[2]

  1. “glúcacortacóideach” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-11-12.
  2. Hussey, Matt (2011). "Glúcacortacóidí (sic)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 324.