(C6H10O5)n, polaishiúicríd a fhaightear i bhfíocháin plandaí is ainmhithe (mar shampla, san ae) mar chúlchiste fuinnimh don cholainn. Polaiméir comhdhlúthúcháin glúcóis, an-chosúil le stáirse.