Gloine bhrúmhúnlaithe
Teicníocht thionsclaíoch déanta gloine a tugadh isteach sna Stáit Aontaithe sna 1820idí, sa Bhreatain i 1831. Dhéantaí ornáidí is earraí don bhord trí ghloine leáite a bhrú idir dhá mhúnla mhiotalacha a dhéanadh na himlínte is na maisiúcháin in oibríocht amháin. Ar dtús bhrúití an múnla uachtarach síos le scriú nó luamhán lámhoibrithe. Tháinig fáisceáin gaile chun cinn i 1894, agus bhí monarchana tábhachtacha i mBirmingham, Stourbridge, Manchain, is oirthuaisceart Shasana sa 19ú-20ú céad.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Gloine bhrúmhúnlaithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 322.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |