Sa réalteolaíocht, gluaiseacht pláinéid ina fhithis anoir, ní hionann is gnáthghluaiseacht na bpláinéad aniar sa Ghrianchóras. Úsáidtear an téarma den chuid is mó nuair a thagann gluaiseacht an Domhain ina fhithis agus gluaiseacht pláinéid eile le chéile chun gluaiseacht choibhneasta, gluaiseacht aisiompaithe, a dhéanamh. Bíonn cuma ar an bpláinéad go bhfuil sí ag gluaiseacht sa treo mícheart. Feictear go minic í i gcás Marsa.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Gluaiseacht aisiompaithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 323.