Poitéinseal gníomhaithe
(Athsheolta ó Gníomhphoitéinseal)
Comhartha gairid leictreach a tharchuirtear ar feadh snáithín néarógaigh nó mhatánaigh tar éis spreagtha. Ag ionad an ghníomhphoitéinsil, éiríonn an taobh istigh de scannán an tsnáithín dearfach go neamhbhuan i leith an taoibh amuigh. Tarlaíonn sé seo de bharr athrú neamhbhuan i dtréscaoilteacht an scannáin do na hiain sóidiam is potaisiam, chun go ritheann iain sóidiam isteach is iain photaisiam amach tríd. Bunús na cumarsáide san inchinn agus ar fud na colainne.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Gníomhphoitéinseal". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 325.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |