Sinsear Chlann Somhairle agus Chlann Domhnaill den 9ú haois a mhaítear ba ea Gofraidh mac Fearghasa (Meán-Ghaeilge Gofraid mac Fergusa). Feictear é i nAnnála na gCeithre Máistrí agus ginealaigh éagsúla. Dá mba fhíor iad, Fearghas mac Eirc (Fergus mac Eirc), de shliocht Cholla Uais, ba ea a athair. Maítear fosta gur rí na rí na nOiriall é, a thug tacaíocht do Chináed mac Ailpín sa bhliain 835, agus a fuair bás sé bliana déag níos deireanaí, ina rí ar ríocht na nOileán.

Infotaula de personaGofraid mac Fergusa

Is dochreidte é an ginealach seo faoi Ghofraid ó thaobh croineolaíochta de. Níl fianaise dá laghad maidir leis in aon fhoinse chomhaimseartha eile. Le fírinne, is bréagach é, curtha isteach sna hannála an éigin roimh lár na 17ú haoise.

Acadamh Ríoga na hÉireann, C iii 3 (Annála na gCeithre Máistrí), fóilió 313r, ACM 835.15
C iii 3, fóilió 320v, ACM 851.16

Mar thógán ginealaigh, is amhlaidh go seasann Gofraid mac Fergusa may represent d'éileamh Chlann Somhairle ar ríogacht na nOileán, trí ghaol máthairlíneach ó Ghofraid Crobán, sinsear eapainmneach Uí Chrobhán. Bhíodh na clanna úd in iomaíocht le chéile le haghaidh cheannais ar na nOileán le linn na dóú- agus tríú haoiseanna déag. Is léir as léamh filíochta mollta na linne úd cé chomh tábhachtach ba ea an t-ainm 'Gofraid' mar sinsear.

Ní fios conas ar forbraíodh an Gofraid úd go Gofraid mac Fergusa mhic Eirc. Is amhlaidh gur cumadh sinsearacht Gofraid, agus a naisc le Cináed mac Ailpín, chun Clann Domhnaill a nascadh le stair is luaite ríocht na hAlban.

Tagairtí cuir in eagar