Arm, soitheach pacáilte le hábhar pléascach de ghnáth, le fáinne a tharraingítear chun an fiús simplí a adhnadh. Ceapadh í le haghaidh garchomhraic, agus is féidir í a chaitheamh le lámh nó teilgeoir. Bhí gránáidí á gcaitheamh le catafailt sa tSín faoi 1042, de réir na lámhscríbhinní. I measc na gcineálacha nua-aoiseacha tá gránáidí deataigh, gránáidí fosfair bháin, gránáidí srapnail, gránáidí le fiús moillithe, agus gránáidí a fhágann an namhaid gan aithne.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Gránáid". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 329.