Greamachán
Is ábhar é an greamachán a ghreamaíonn dromchlaí le chéile. As polaiméirí — macramóilíní i bhfoirm slabhraí — an-chuid greamachán. Bíonn na slabhraí fite fuaite le chéile, agus greamaíonn siad le dromchla a dtagann siad i dteagmháil leis. I ngnáthghreamachán bíonn na macramóilíní tuaslagtha i leacht éigin, agus galaíonn an leacht nuair a leatar an greamachán ar dhromchla, triomaíonn is soladaíonn sé tar éis greamú leis an dromchla. Is maith an greamú é nuair is polach an dromchla, is é sin go bhfuil luchtanna dearfacha is diúltacha scaipthe ar fud an dromchla. Is polach an macramhóilín freisin, agus is féidir le slabhraí de gach macramhóilín luí ar an dromchla, ionas go bhfuil cuid dá luchtanna greamaithe go leictreastatach leis na luchtanna sa dromchla (is é sin, lucht dearfach sa mhacramhóilín greamaithe le lucht diúltach sa dromchla, is a mhalairt). Muna polach an dromchla, dromchla polaitéine mar shampla, ní fiú le rá an greamú a tharlaíonn.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Greamachán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 330.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |